← Ní raibh luchóg na cathrach róshásta leis an saghas seo bia agus is ar éigean a bhlas sé de ach fós féin bhí sé ag iarraidh a bheith béasach. 🔊
← An tráthnóna sin bhuail siad amach faoin aer agus bhí siad ag caint is ag comhrá. 🔊
← Bhí an cuairteoir ag caint faoi iontais na cathrach agus gach a raibh inti. 🔊
← Lean siad orthu ag caint mar seo nó gur thit a gcodladh orthu. 🔊
← Nuair a bhí siad réidh chun dul ag ithe cad a tháinig ach cat agus é ag crónán. 🔊
← Chuaigh siad ar ais go dtí an bord nuair a bhí sé imithe agus bhí siad díreach chun dul ag ithe arís ach cad a tháinig ach madra agus é ag tafann. 🔊
← Níl uaimse ach mo theachín beag sábháilte le cead mo chos agam mar a bheadh ag an rí." 🔊